Saol na N-Oileán

Is áit ar leith í Inis Meáin. Oileán beag Gaeltachta atá suite amach ó chósta na Gaillimhe, le daonra de thart ar 180 duine, a comhcheanglaíonn saol agus oideachas nua-aimseartha le traidisiúin an tseanaimseartha.

Is teanga bheo í an Ghaeilge anseo agus tá sí fite fuaite i ngnáthshaol an phobail ó lá go lá.

Ar mhuscail muid do spéis?

Ar mhaith leat a bheith mar chuid dár scoil iontach...

Léirigh do shuim anois

Léirigh do chuid shuime don bhliain seo chugainn.
Cliceáil anseo

I Measc an Phobail

Tá an scoil go mór comhtháite i bpobal an oileáin. Glacann na scoláirí páirt ghníomhach in imeachtaí áitiúla agus bíonn siad ina n-óstach orthu freisin, mar shampla Féile na bPuiteachaí, Tae na Samhna, Céad — spórt ar leith d’Inis Meáin nach n-imrítear ach ar Lá Fhéile Pádraig — agus, ar ndóigh, an rás cáiliúil Inis Iron Meáin.

Agus iad ina gcónaí ar an oileán, is féidir leis na scoláirí taitneamh a bhaint as áiseanna áitiúla ar nós na dtránna áille, an pháirc peile, láithreacha stairiúla ársa, an t-ionad pobail, giomnáisiam lasmuigh, agus an flóra agus fána, cuid mhaith acu atá annamh. Tá siopa, oifig phoist agus caiféanna séasúracha ar fáil freisin ar féidir leis na scoláirí leas a bhaint astu.