Foghlaim faoin aer
Fáilte
Ar mhaith leat deis a bheith agat freastal a dhéanamh ar cheann de na scoileanna is fearr sa tír? Scoil óg bhríomhar í Coláiste Naomh Eoin atá ag tairiscint malairt taithí oideachasúil d’oileánaigh agus do scoláirí ón mórthír de bharr a suíomh agus a cúlra ar leith.
Tá sí ar cheann de na Gaelscoileanna is mó tóir sa tír i nÉirinn faoi láthair. Tá Inis Meáin caomhnaithe ag am agus ag traidisiún agus áirítear é ar cheann de na ceantair is saibhre cultúr agus oidhreachta sa tír. Maireann traidisiún ársa agus módh maireachtála nua aimseartha taobh le taobh ar an oileán álainn seo agus is tré Ghaeilge shaibhir dhúchasach a tharlaíonn an chumarsáid laethúil.
Cad chuige an bhfuil muid difriúil?
#1
Oideachas den chéad scoth
#2
Líofacht an Ghaeilge
#3
Bliain ar an Oileán
#4
Taithí roinnte
#5
Pobal beag cairdiúil
Previous
Next
Naisc
Teistiméarachtaí
An imní is mó a bhí orm ná go mbeadh mé imithe as baile agus amuigh as an mbaile mór. Nuair a tháinig mé go dtí an t-oileán áfach, bhí chuile dhuine chomh fáilteach. Bhí iontas orm cé chomh suimhneach is a bhí an t-oileán chomh maith. Thosaigh mé i gColáiste Naomh Eoin sa chéad bhliain mar sin tá mé anseo anois beagnach cúig bliana. D’fhan mé le dhá clann álainn thar na cúig bliana sin. Ceann de na rudaí is fearr faoi fhreastal ar an scoil seo ná na ranga beaga mar faigheann chuile duine níos mó áird ó na múinteoirí.
Is dalta mé sa scoil seo ó bhog mo chlann ón bPolainn go hInis Meáin nuair a thosaigh mé an mheánscoil. Ón tús thug na múinteoirí agus na daltaí eile gach cabhair dom ó thaobh socrú isteach sa saol nua agus leis an nGaeilge. Tá áiseanna mhaithe ag an scoil le haghaidh na hábhair eolaíochta agus adhmadóireachta – ábhair a thaitníonn go mór liom. Tá mé ag súil le céim sa leighis nó rud cosúil leis a thosnú an bhliain seo chugainn agus creidim go gcuirfidh an toideachas atá mé ag fáil sa scoil seo go mór le mo saol amach anseo.
Nuair a chuala mé faoin scoil ar dtús, cheap mé go mbeadh an-chraic i gceist le rud mar sin a dhéanamh. Ansin smaoinigh mé faoi níos mó agus dúirt mé liom féin go mbeadh sé iontach, bheith in ann cónaí sa Ghaeltacht, áit chomh tábhachtach maidir le cultúr na hÉireann. Nuair a tháinig mé, bhí gach duine ar bhuail mé leo chomh gealgháireach agus cáirdiúil liom agus chuaigh sé sin go mór i bhfeidhm orm. Maidir leis na ranganna beaga, ceapaim go bhfuil mé ag déanamh i bhfad níos fearr anseo maidir leis na hábhair ná mar a bheadh mé ag dhéanamh i scoil níos mó. Tá mé chomh sásta gur tháinig mé anseo.
D’fhág mé an toileán le dul chuig meánscoil eile ar dtús mar tar éis fás suas in áit chomh hiarghualta bhí fonn orm saol na cathrach a bhlaiseadh. D’fhreastal mé ar scoil ar an mórthír le 300 dalta. Buíochas le Dia, d’athraigh mé m’intinn agus tháinig mé ar ais go dtí an scoil seo. Tá go leor buntáistí ag baint leis, ach go háirithe na ranga beaga, a chiallaíonn gur féidir le chuile dhalta níos mó páirt a ghlacadh sa rang agus mar sin níos mó a fhoghlaim. Faigheann muid níos mó áird agus cúnaimh, rud nach raibh le fáil sa scoil eile. Bhí mé níos sásta i measc mo sheanchairde chomh maith.
Mo chéad smaoineamh nuair a tháinig mé go dtí an toileán ná go raibh na daoine áitiúla an-cháirdiúil agus cheap mé go bhféadfainn a bheith ar mo chompórd anseo. Ag an deireadh nuair a bhí mé chun tosnú sa scoil, bhí mé an-sásta nuair a chuala mé gur mé an t-aon bhuachaill a bheadh sa 5ú bliain agus go mbeadh mé i rang le cúigear cailíní! Bhí sé an-difriúil mar ní raibh ach buachaillí amháin i mo sheanscoil.
Previous
Next