Eolas scoile

Fúinn

Osclaíodh Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Árainn, faoi scáth Choláiste Cholmcille agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ar an 1ú Meán Fómhair 2003. Déanann Coláiste Naomh Eoin, atá imithe ó neart go neart ó shin i leith freastal ar riachtanais oideachasúla dara leibhéal an oileáin. Cuireadh tús le Cúrsa na hArdteistiméireachta don chéad uair sa Choláiste i Meán Fómhair 2006.  Bhronn an Taoiseach, Leo Varadkar stadas neamhspléach ar Choláiste Naomh Eoin i Meán Fómhair 2018. 

Go dtí seo tá cúrsa aitheanta i gColáiste triú leibhéal bainte amach ag gach scoláire a chríochnaigh a gcuid oideachais dara leibhéal sa scoil seo. Os a cionn sin tá cuid de na tórthaí ardteistiméireachta is fearr sa tír bainte amach ag scolairí Naomh Eoin le gradam JP Mc Manas, ar fiú €8000  bronnta ar scolaire amháin.  

 

Ar mhuscail muid do spéis?

Ar mhaith leat a bheith mar chuid dár scoil iontach...

Léirigh do shuim anois

Léirigh do chuid shuime don bhliain seo chugainn 2022/23
Cliceáil anseo

2021/22

Daltaí

Is uasmhéid de 40 dalta a ghlactar ag an scoil seo gach bliain. Is daltaí cónaithe iad tromlach na daltaí a chónaíonn le bean an tí don scoilbhliain agus tagann an chuid eile de na scolairí ón oileán.

Tagann na daltaí cónaithe ó cheann ceann na tíre le freastal ar Choláiste Naomh Eoin.

Foirgnimh agus Áiseanna

Tá an scoil lonnaithe i bhfoirgneamh nua a tógadh sa bhliain 2004. Tá ceithre sheomra ranga agus oifig na scoile lonnaithe anseo. Ina theannta sin tá úsáid an chistin agus an halla pobail ag an scoil chomh maith le saotharlann a hathchóiríodh sa bhliain 2008 ar chostas €100,000. Tá seomra álainn nua réamhchóirithe lonnaithe le h-ais na scoile agus is anseo a mhúintear na ranganna Adhmadóireachta, Líníochta agus Foirgneolaíochta. Tá cistín Nua curtha isteach sa scoil chomh maith le clós spraoi Astro. Tá úsáid an pháirc peile áitiúil ag an scoil chomh maith le cúirt leadóige marcáilte.

Tá seomra nua ríomhairí agus ceangal leis an gcóras leathanbhanda do scoileanna againn chomh maith.