Inis Iron Meáin

Uair
Nóiméad
Soicind

Faoin Rás

Tá an rith/siúlóid ar leith seo ar an oileán, ar bun le 16 bliana agus ag tarraingt na sluaite turasóirí chuile bhliain chuig an oileán álainn seo, ina measc siúd, na lúthcleasaí is mó le rá ó cheann ceann na tíre. De ghnáth, is rás 10k a bhíonn ann, le rogha idir rása bóthair agus rogha níos deacra le píosa ar an trá, ach i mbliana tá rás 5k againn freisin, do luthchleasaithe amaitéaracha agus sinsearacha. 

Register now to get your goody bag which includes: 

  • An Inis Iron Meáin t-shirt and beanie hat
  • A neckwarmer sponsored by Portwest
  • Race number and timing chip
  • Energy bar and drink
  • Free entry to our BBQ with live music 

Tugann an ocáid seo deis airgead a thiomsú le haghaidh meánscoil an oileáin, Coláiste Naomh Eoin, ag cinntiú fhorbairt leanúnach phobail an oileáin neamhspleách seo.

 

Ar lorg dúshláin?

Tapaigh an deis agus cláraigh anois

Sonraí tábhachtacha

An Cúrsa

Dearadh bealach an Inis “Iron” Meáin go críonna le rogha de trí chúrsa. Leanann an trí chúrsa an bealach céanna den chuid is mó. Clúdaíonn an cúrsa crua 10.5 km de bhóithre an oileáin. Tá an cúrsa fíor-chrua (12K) mar a chéile, ach tá casadh ag beagnach lár báire a chlúdaíonn dumhach agus rith trá. Casann an cúrsa seo leis an gcúrsa crua arís tar éis 2km.

Leanann an cúrsa 5K an cúrsa céanna go dtí pointe.

Tá an cúrsa marcáilte go soiléir agus clúdaíonn sé formhór an oileáin le radhairc fíor áille agus le héagsúlacht i dtír-raon. Tar éis chuile chiliméadar tá comharthaí ag taispeáint an achair atá fós le rith.

 

 

AN TÚS 0.5 KM
BÓTHAR AN LEISÍN 1.5 KM
AN BÓTHAR ÍOCHTARACH 2 KM
BÓTHAR NA hAERSTRÁICE 2 KM
AN BÓTHAR LÁRNACH 1 KM
AN tARD CÉIMSEACH 2 KM
AN CHRÍOCH 1 KM

Ar lorg dúshláin?

Ar mhaith leat páirt a ghlacadh san eispéireas iontach seo?

Tapaigh an deis...

agus cláraigh don rás inniu
Cláraigh anseo