Inis Iron Meáin

Uair
Nóiméad
Soicind

Faoin Rás

Tá an rith/siúlóid ar leith seo ar an oileán, ar bun le 16 bliana agus ag tarraingt na sluaite turasóirí chuile bhliain chuig an oileán álainn seo, ina measc siúd, na lúthcleasaí is mó le rá ó cheann ceann na tíre. De ghnáth, is rás 10k a bhíonn ann, le rogha idir rása bóthair agus rogha níos deacra le píosa ar an trá, ach i mbliana tá rás 5k againn freisin, do luthchleasaithe amaitéaracha agus sinsearacha. 

Register now to get your goody bag which includes: 

  • An Inis Iron Meáin t-shirt 
  • A neckwarmer sponsored by Portwest
  • Race number and timing chip
  • Energy bar and drink
  • Free entry to our BBQ with live music

Tugann an ocáid seo deis airgead a thiomsú le haghaidh meánscoil an oileáin, Coláiste Naomh Eoin, ag cinntiú fhorbairt leanúnach phobail an oileáin neamhspleách seo.

 

Ar lorg dúshláin?

Tapaigh an deis agus cláraigh anois

Sonraí tábhachtacha

An Cúrsa

Dearadh bealach an Inis “Iron” Meáin go críonna le rogha de trí chúrsa. Leanann an trí chúrsa an bealach céanna den chuid is mó. Clúdaíonn an cúrsa crua 10.5 km de bhóithre an oileáin. Tá an cúrsa fíor-chrua (12K) mar a chéile, ach tá casadh ag beagnach lár báire a chlúdaíonn dumhach agus rith trá. Casann an cúrsa seo leis an gcúrsa crua arís tar éis 2km.

Leanann an cúrsa 5K an cúrsa céanna go dtí pointe.

Tá an cúrsa marcáilte go soiléir agus clúdaíonn sé formhór an oileáin le radhairc fíor áille agus le héagsúlacht i dtír-raon. Tar éis chuile chiliméadar tá comharthaí ag taispeáint an achair atá fós le rith.

 

 

AN TÚS
0.5 KM
AN TÚS

Tosaíonn an rith ag Halla Naomh Eoin, an áit a chláraíonn tú. Tá árd géar i dtús an chúrsa ar feadh 0.5 km.

BÓTHAR AN LEISÍN
1.5 KM
BÓTHAR AN LEISÍN

Ag barr an chnoic, téann tú ar dheis ansin láithreach ar chlé roimh an séipéal go dtí bóthar a thugann tú go dtí deisceart an oileáin. Níl aon títhe anseo agus tá radharcanna áille ann. Tar éis timpeall 1.5km, téann tú ar chlé agus leanann tú an bóthar a thugann isteach go dtí lár an oileáin tú arís. Ag bun an chnoic, téann tú ar dheis, agus leanann tú an bóthar uachtarach go dtí Céibh an Chóra. (Casann iomaitheoirí an 5K 300m roimh céibh an Chóra ag rith thar an monarchan cniotála agus ar ais ag an halla).

AN BÓTHAR ÍOCHTARACH
2 KM
AN BÓTHAR ÍOCHTARACH

Casann tú ar chlé díreach roimh an tseanchéibh agus leanann tú an bóthar cothrom casta thar an reilig ar feadh 2km. Ag an bpointe seo, tá casadh ar dheis (stáisiún uisce anseo) dóibh siúd a bhfuil suim acu i ndúshláin an chúrsa fíor-chrua, a théann síos ag an trá. Leanann na hiomaitheoirí eile ar aghaidh ar feadh 1km eile go dtí go sroichtear coirneál na haerstráice.

BÓTHAR NA hAERSTRÁICE
2 KM
BÓTHAR NA hAERSTRÁICE

Ag an aerstráice, casann tú ar chlé (is ag an bpointe seo freisin a chasann iomaitheoirí an chúrsa fíor-chrua leis an bpríomhchúrsa arís). Caithfear rith in aghaidh an aird arís anseo ar feadh 0.5 km (stáisiún uisce anseo), go dtí go gcasann tú le talamh cothrom arís agus leanann tú ort ar feadh 1km eile. Ag barr an bhóthair seo, casann tú ar dheis agus leanann tú ort ar feadh 0.5km eile (thar an Monarcha Chniotála). Seo é an pointe leath bealaigh.

AN BÓTHAR LÁRNACH
1 KM
AN BÓTHAR LÁRNACH

Ag deireadh an bhóthair lárnach, casann tú ar dheis agus ansin clé láithreach ag dul thar na tancanna uisce ar feadh 1km agus iompaíonn tú ar chlé arís.

 

AN tARD CÉIMSEACH
2 KM
AN tARD CÉIMSEACH

Lean an bóthar a árdaíonn go dtí barr an oileáin.Tá na 300 méadar dheireanacha go dtí an barr an-ghéar!! Iompaíonn tú ar chlé ar feadh 1km. Tar éis an tséipéal, téann tú ar chlé.

 

AN CHRÍOCH
1 KM
AN CHRÍOCH

Téann na 300 méadar dheireanacha ar fad síos le fána. Fiú mura bhfuil móran rite agat, beidh cuma na maitheasa ort ag trasnú an chríochlíne faoi lánseol.

 

Ar lorg dúshláin?

Ar mhaith leat páirt a ghlacadh san eispéireas iontach seo?

Tapaigh an deis...

agus cláraigh don rás inniu
Cláraigh anseo