Tá traidisiún láidir ceoil ag an scoil. Is ceoltóirí oilte iad go leor dár scoláirí agus glacann siad páirt in imeachtaí náisiúnta, lena n-áirítear Oireachtas na Samhna. Tá an rogha ag na scoláirí ceol a dhéanamh mar ábhar foirmiúil ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus an Ardteistiméireachta. Eagraímid seisiúin roghnacha cheol traidisiúnta na hÉireann gach maidin Dé Máirt freisin, faoi stiúir ceoltóra áitiúil, áit a mbíonn deis ag na scoláirí seinm le chéile.
Na hEalaíona
Bíonn deis ag na scoláirí a scileanna cruthaitheacha a fhorbairt trí cheardlanna ealaíne agus drámaíochta éagsúla, chomh maith le páirt a ghlacadh i gcomórtais ar nós Junk Kouture.