An Idirbhliain

Bliain ar Leith

Is eispéireas ar leith í an Idirbhliain i gColáiste Naomh Eoin. Faigheann na scoláirí blaiseadh de shaol ar oileán Gaeltachta, rud a shaibhríonn a scileanna Gaeilge agus iad ag glacadh páirte i gclár éagsúil spreagúil.  

Leanann scoláirí na hIdirbhliana ar aghaidh ag staidéar na bpríomhábhar: Matamaitic, Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Déanann siad blaiseadh de gach ábhar timthriall sinsearach atá ar fáil sa scoil agus faigheann siad deis réimsí a iniúchadh taobh amuigh den churaclam traidisiúnta scoile. Ina measc seo tá iriseoireacht, TEFL, agus gnó beag a bhunú chun páirt a ghlacadh i gcomórtas ar nós Dragon’s Den.  

Bíonn scoláirí fadtéarmacha agus scoláirí a thagann linn ar feadh bliana amháin san Idirbhliain. I go leor cásanna, baineann scoláirí na hIdirbhliana an-taitneamh as an eispéireas agus roghnaíonn siad fanacht linn don 5ú agus don 6ú bliain! 

Ar mhuscail muid do spéis?

Ar mhaith leat a bheith mar chuid dár scoil iontach...

Léirigh do shuim anois

Léirigh do chuid shuime don bhliain seo chugainn.
Cliceáil anseo

2025./2026

Clár

Transition Year Programme

Taithí Oibre & Scileanna Saoil

Is cuid ríthábhachtach de Chlár na hIdirbhliana í an taithí oibre. Déanann na scoláirí roinnt seachtainí de thaithí oibre, rud a thugann léargas dóibh ar roghanna gairme amach anseo.

Ina theannta sin, bíonn deis ag na scoláirí scileanna saoil a fhorbairt i rith na hIdirbhliana. Ina measc seo tá:

  • Cócaireacht
  • Cúrsa barista
  • TFC (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide)
  • Ullmhúchán don scrúdú teoirice tiomána
  • Gníomhaíochtaí dírithe ar fhorbairt shóisialta agus phearsanta