Tá deis ag scolairí spórt a imirt go hiomaíoch agus go fóillíochta. Glacann chuile bliain páirt i ranganna Corpoideachais gach seachtain. Bíonn foirne na scoile ag imirt i gcomórtais peile Gaelach agus i sraith cispheile. Ina theannta sin, bíonn deis ag scolairí spóirt níos eachtrúla a thriail, mar shampla tonnmharcaíocht, scátáil oighir agus sciáil le linn turais scoile.