Foireann

Mairéad

Príomhoide | Gaeilge

Is as Inis Meáin, Oileáin Árann do Mhairéad agus tá sí an-bhródúil as a ceantar dúchais. D’fhreastal Mairéad ar scoil chónaithe dá meánscolaíocht agus tar éis sin chaith sí blianta ag staidéar ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain sí céim BA Gaeilge & Stair amach, Máistireacht amach I dTeagasc Teangacha (An Ghaeilge), chomh maith le hArd Diploma san Oideachas. Bhain sí Ard Diplóma sa Dlí agus Oideachas amach in Óstaí na Rí, Baile Átha Cliath freisin. Ghlac Mairéad ceanasaíocht Choláiste Naomh Eoin uirthi féin I 2007 agus tá an scoil imigh ó neart go neart ó shin i leith. Tugann Mairéad go leor dá gcuid ama pearsanta ag cuir chun cinn na scoile agus an oileáin. Tá an-suim aici i gcúrsaí pobail chomh maith le bheith paisiúnta faoi spreagadh na Gaeilge ar bhun náisiúnta. Is í Mairéad Cathaoirleach Chomhlacht Forbartha Inis Meáin, comhlacht a bhunaigh sí chun todhchaí Inis Meáin a dhaingniú. Feidhmíonn sí mar Chathaoirleach ar Mheithil Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge agus tá sí mar bhall den Bhuan Coiste agus den ChoisteGnó freisin.

Ó Inis Meáin ó dhúchais, b’é Adrian Ó Coinceanainn ceann de na céad daltaí a bhí i gColáiste Naomh Eoin nuair a d’oscail sé sa mbliain 2003. Tar éis dó an Ardteistiméireacht a bhaint amach, d’fhreastal sé air OÉG, áit a bronnadh céim sa nGaeilge agus Tíreolas air. Lean sé leis an staidéar in OÉG, ag críochnú Máistir Gairmiúil San Oideachas. Ón mbliain 2015, tá Adrian ina leas-phríomhoide de Choláiste Naomh Eoin. Tá an-suim aige sa spóirt, sa bpeil ach go háirithe. Bíonn sé ag imirt le CLG Oileán Árann. 

Adrian

Leas - Phríomhoide | Tíreolaíocht | Gaeilge

Niall Cunniffe

Príomhoide Cúnta G1 | Staidéar foirgníochta |teicneolaíocht ábhar (adhmad) | teicneolaíocht | ossp | LCVP | Tacaíocht

Elizabeth Murphy

príomhoide Cùnta G2 | Béarla | Ealaín | Ceol

Cormac Ó Cadhain

Eolaíocht | Bitheolaíocht | Cemic | Gairmtreoir

Emmanuel Vincon

Fraincis | Tacaíocht

Sam Potter

Máta | Tacaíocht

Vivienne Ní Fhátharta

Eacnamaíocht Bhaile | Gaeilge

Caomhán Ó Fátharta

Stáídear Gnó | Gaeilge Breis | Spórt |Tacaíocht

Edinalva Faherty

Cúntóir Riachtanas speisialta

Caroline Ní Ghiolla Ruaidh

Runaí | OSPS

Bord Bainistíochta Choláiste Naomh Eoin