Tráthnóna Dé hAoine seo caite 13/09/13, thug an scoil cuairt ar Theach Synge agus thug Teresa Ní Fhátharta léacht an-suimiúil dúinn. Déanadh suas an teach ceann tuí, atá 300 bliain d’aois, roinnt blianta ó shoin agus is músaem é anois ag comóradh saol an scríobhneora John Millington Synge (1871-1909). Thug J.M. Synge cuairt ar an teach ar dtús in 1898 agus d’fhan sé in éindigh le Bríd and Páidín MacDonnchadha. Bhí tine móna lasta ag Teresa dúinn agus tugadh ar ais go dtí an seansaol muid. D’inis Teresa dúinn faoi stair an tí agus faoi na scoláirí cáilliúla ar fad a d’fhan ann. Tugadh “Ollscoil na Gaeilge” ar an teach mar gheall air seo. Go raibh maith agat Teresa faoin stair a roinnt linn agus fáilte mhór a chuir romhainn. Beimid ar ais!