Thug Bliain 3 agus an múinteoir OSSP, Máiréad Ní Fhátharta, aghaidh ar Teach Laighean, le tuairisc a dhéanamh ar obair an Dáil. D’éirigh leis an ngrúpa castáil le Teachtaí Dála ar nós Éamon Ó Cúiv agus an Seanadóir David Norris agus d’éirigh leo pictiúr a thógáil leo. Cheap na daltaí gur turas iontach a bhí ann mar thug sé léiriú dóibh ar an saol polaitiúil.