Tá aisteoirí na scoile fíor ghnóthach na laethanta seo agus iad ag réiteach do dhráma mór na Nollag! Beidh sciolladh Chaitríona Pháidín le cloisteáil ar stáitse uair amháin eile agus na scoláirí ag tabhairt faoi dhráma aitheanta Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille.