School Info

About us

Scoil ar leith í Coláiste Naomh Eoin, scoil a bhfuil aitheantas náisiúnta bronnta uirthi mar gheall ar a ról i dtárrtháil & buanú pobail ar Inis Meáin. (Gradam Pride of Place 2018). Tá an polasaí teanga seo mar bhunchloch na scoile agus ag tacú le hiarratas ar Aitheantas mar Scoil Ghaeltachta agus le Plean Teanga thrí hoileáin Árann. Is scoil óg í Coláiste Naomh Eoin, a bunaíodh ar scéim pílótach i 2001 agus tar éis bliana bhraith pobal an oileáin fiúntas na scoile agus ghlac Coiste Gairm Oideachais Co na Gaillimhe cúram as an scoil mar aonad de Choláiste Cholmcille, Indreabhán, socrú a mhair go dtí Méan Fómhair 2018, nuair a bhronn an Taoiseach Leo Varadkar, stadas neamhspleách ar an scoil tar éis feachtas náisiúnta. Tá structúr bainistíochta agus a lena huimhir rolla féin 76534Q ag an scoil ceann de na príomhspriocanna a bhí leagtha síos sa bplean gníomhaíochta feabhsúcháin scoile.

Roimh an gcéim mhíllteach seo bhí ar chuile ghasúr ón oileán an baile a fhágáil ag aois dhá bhliain déag má bhí siad chun oideachas dara leibhéal a fháil.

Bunaíodh meánscoil ar Inis Mór i 1953 agus ar Inis Oirr in 1986. Bhí droch thionchar ag an easpa meánscoil ar bhánú daonra an Oileáin rud a d’fhág an pobal blianta fada ag meath. Bunaíodh Coláiste Naomh Eoin i 2001, nuair a tháinig deireadh leis na coláistí cónaithe ar fud Chontae na Gaillimhe. Bhí an chéad bhliain scoile ar bhun trialach agus ní raibh ach cearthar scoláirí sa scoil agus ba léir láithreach go raibh struchtúr tacaíochta oifigiúil bainistíochta ag teastáil.

De bharr iargúltacht Oileáin Árann agus iad scoite amach ón mórthír, tá teorainn ar líon na n-uimhreacha de ghasúir áitúla a bheidh sa scoil mar sin thug an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta isteach scéim Scoláireachtaí i 2003 chun tacú le uimhreacha ar scoileanna na h-oileáin. Seo ceann de na tionscadail is rathúla agus is tairbhí do phobal na n-Oileáin Ghaeltachta ní amháin ó thaobh forbairt teanga de ach ó thaobh fás agus forbairt na scoileanna agus inmharanacht na n-Oileáin. Cuireann Coláiste Naomh Eoin oideachas ar fáil do ghasúir an Oileáin agus dóibh siúd ón tír mhór a lorgaíonn oideachas tré Ghaeilge i Scoil Ghaeltachta. Déantar chuile iarracht gasúir a earcú a chuaigh chuig gaelscoil más féidir, ach is dúil sa teanga agus meas ar an gcultúr gaelach a fhaigheann tosaíocht sa phróiséis roghnúcháin. Bogann clainne chuig Inis Meáin chun freastal ar an scoil, chun maireachtáil in ár measc agus chun líofacht a bhaint amach sa teanga. Le blianta tagann go leor scoláirí chugainn ar dheontais do cheantair iargúlta a íocann an Roinn Oideachais agus Scileanna dóibh siúd a shantaíonn oideachas tré Ghaeilge ach nach bhfuil ar fáil ina gceantair dúchais.

Tá pobal beo bríomhar ar Inis Meáin athuair a bhuíochas do fhás agus do fhorbairt na meánscoile. Tar éis blianta fada de bhanú pobail bhí leibhéal daonra Inis Meáin i ngéarchéim le triúr sa bhunscoil i 2014 ach níl sampla níos fearr de thábhacht scoile i bpobal ná h-éifeacht teacht na scoile sa bpobal seo le stop curtha le blianta de bhánú pobail. Tá an dara múinteoir ceaptha sa bhunscoil arís agus fás ar na huimhreacha, chomh maith le fás dá thuartha sna blianta amach romhainn. Tá gasúir bheag de bhunú an Oileáin ar Inis Meáin arís agus an Ghaeilge mar theanga nádúrtha baile sna teaghlaigh.

In aineoinn na ndeacrachtaí a bhí ó thaobh easpa stadas neamhspleách d’éirigh le Coláiste Naomh Eoin mar cheann de na gaelscoileanna is mó cáil sa tír, le tárrtháil

pobal & tús áite don teanga Ghaeilge a bheith lárnach ina scéal. Tá feidhm na scoile níos leithne ná oideachas mar go bhfuil caomhnú pobal ar oileán chomh maith le caomhnú oidhreacht, teanga agus Gaeltacht fite fuaite le fás na scoile seo agus toradh dearfach dá réir le braith.

Tá cáil na Gaeilge ar Inis Meáin mar Ghaeltacht a bhí lárnach le hathbheochan na Gaeilge agus a spreag mór-ghníomhaithe teanga na h-ama. Is seoid agus tearmann teanga í Coláiste Naomh Eoin a chothaíonn luachanna agus beocht an teanga sa phobal beag seo.

Is í an Ghaeilge T1 sa Bhunscoil ar Inis Meáin agus tá tús áite aici i mbeagnach gach teaghlach ar an Oileán agus dóchas do fhás agus forbairt leis na glúinte atá ag teacht aníos. Tá muid lárnach i ndearadh plean teanga do limistéar teanga Oileáin Árann. Is í an Ghaeilge an teanga baile ag 80% de na gasúir áitiúla agus is í an Ghaeilge teanga na scoile seo, cé nach hí an Ghaeilge teanga baile na scoláirí cónaithe. Múintear T1 Gaeilge TS amháin sa scoil.

Tuigtear tábhacht & gá atá leis an Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta faoi stiúr an Roinn Oideachais agus Scileanna agus mar chuid de pholasaí teanga na scoile seo agus den an phlean gníomhaíochta scoile tá muid tiománta.

Tá géarchéim náisiúnta maidir le múinteoirí a earcú, ach nuair a bhíonn Gaeilge agus oileán san áireamh is minic nach mbíonn aon mhúinteoir ar fáil agus cé gur de bhunú na trí hoileáin formhór na múinteoirí sa scoil faoi láthair is í an bhagairt is mó atá orainn ná má bhíonn múinteoir as láthair, tá an baol ann nach mbeidh muid in ann duine le Gaeilge a aimsiú.

Tá muid ag tnúth leis an bplean seo d’athaintas mar scoil Ghaeltachta a ghníomhiú le tacaíocht na Roinne Oideachais agus Scileanna chun a chinntiú go mba fada buan an Ghaeltacht seo agus a tréithe.

 

Did we grab your attention?

Would you like to be a part of this wonderful school...

Express you interest now

Léirigh do chuid shuime don bhliain seo chugainn
Click here

2021/22

Pupils

Up to 40 pupils are enrolled in the school each year. Most of these students are boarders who stay with families on the island and the rest of the students are residents from the island.

Students come from all over Ireland to board at Coláiste Naomh Eoin.

Buildings and Facilities

The school is housed in a newly constructed building since 2004. Four classrooms, including a computer room, and the school office are located here. Interconnected to this main building is a science laboratory which was renovated in 2008 at a cost of €100,000. A brand-new woodwork, technical graphics and construction studies workshop has recently been added to our infrastructure. A new kitchen has recently been added to the school as well as a new Astro-turf pitch. The school also has use of the local football pitch and an outdoor lined tennis court.

Wireless broadband connection is available throughout the school.