slideshow-01

Rás 10km

Inis Iron Meáin ~ Rás 10km

race-medalsDeich gciliméadair dá rith ar bhóithre casta, talamh garbh, mótaí agus trá gainnimh atá i gceist le páirt a thógáil in Inis “Iron” Meáin. Ó Shamhain 2004, tá Inis “Iron” Meáin ar cheann de na dúshláin lúthchleasaí is anróiteach sa tír, rud atá deimhnithe ag Sonia O’Sullivan agus David Campbell (buaiteoir 2008) a thógann páirt go rialta. Is é Lorcán O’Callaráin, (Múinteoir i bhFeidhil ar Choláiste Naomh Eoin ag an am), a thosaigh an rás in 2004 le hairgead a bhailiú do Mheánscoil Inis Meáin.

Tosnaíonn scoláirí agus foireann oibre Choláiste Naomh Eoin ag

start
réiteach faoi chomhair an rása ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh. Bíonn táillí iontrála le bailiú, iomaitheoirí le breacadh síos, an cúrsa (crua agus fíor chrua) le marcáíl, bia te le cuir ar fáil tar éis an rása, mapaí den chúrsa le réiteach, loistín agus bialanna le cuir in áirithe, málaí rás le pacáil agus caitheamh aimsire don oíche mhór le socrú. Téann an rí-rá i bfheidhm go mór ar an oiléan agus tagann an pobal amach ar son na scoile lena chinntiú gurb í an ocáid is mó sa mbliain.

raceBheadh dul amú ar an té a cheapadh gur cruatan agus allas amháin atá i gceist leis an deireadh seachtaine seo. Tugann sé seans do cháirde casadh le chéile agus bíonn comórtas bréag-éadach sa Teach Ósta oíche an rása. B’í an litir ‘P’ téama an chomórtais bréag-éadach anuraidh tráth a raibh oiléanaigh agus cuairteoirí gleásta suas mar “Phopeye”, sagairt, foghlaí mara, cailíní bándearga agus cochaill peasáin. Is fiú a mheabhrú nach gá duit a bheith i do lúthchleasaí iontach le páirt a thógáil sa rás Inis “Iron” Meáin. Tá cúrsa níos giorra agus níos éasca, ar féidir leat a shiúl, a rith nó a bhogshodar. Má cheapann tú go bhfuil tú in ann aige, íoslódáil an fhoirm iarratais ón suíomh agus seol ar ais chugainn í in éineacht le híocaíocht de €50. Míle buíochas le gach duine a thugann tacaíocht don ócáid seo!

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais www.inisironmeain.com

Iarbhunscoil lán-Ghaelach Cónaithe ar Oileáin Árann