Ar an gCéadaoin 9ú Deireadh Fómhair, chuaigh scoláirí agus múinteoirí as Inis Meáin agus Inis Mór go dtí Bishop’s Quarter, Ballyvaughan chun fiosrúchán tíreolaíochta na hÁrdteiste a dhéanamh. Déanadh staidéar ar an gcladach agus dumhcha agus tugadh léacht ansin ar ais ag an Ionad Oideachais. Míle buíochas d’Ionad Oideachais an Bhoirinn a thug aire iontach dúinn!