Céad míle fáilte go Coláiste Naomh EoinScoil óg bhríomhar í Coláiste Naomh Eoin atá ag tairiscint malairt taithí oideachasúil d’oileánaigh agus do scoláirí ón mórthír de bharr a suíomh agus a cúlra ar leith.Tá Inis Meáin caomhnaithe ag am agus ag traidisiún agus áirítear é ar cheann de na ceantair is saibhre cultúr agus oidhreachta sa tír. Maireann traidisiún ársa agus módh maireachtála nua aimseartha taobh le taobh ar an oileán álainn seo agus is tré Ghaeilge shaibhir dhúchasach a tharlaíonn an chumarsáid laethúil. Úsáideann an scoil a suíomh ionspráideach chun cur lena soláthar oideachais agus chun é a chothú, rud a chinntíonn buntáistí oideachasúla gan sárú ar nós scoláirí tumtha go h-uile sa teanga Ghaeilge, cóimheas múinteoirí agus daltaí den scoth agus ráta ard aistrithe chuig tríú leibhéal. |
Nollaig 2012 - Dráma na NollagBhain pobal an oileáin an-shásamh as Dráma agus Ceolchoirm na Nollag a chuir daltaí Choláiste Naomh Eóin agus Scoil Náisiúnta Inis Meáin ar siúl ar an 9ú Nollaig. Maith sibh! |